Téigh go dtí an t-ábhar
Bealach Gorm Árainn Mhór – Ailt an Chorráin
Gach áit

Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Information & FAQ

Ceisteanna Coitianta

1. Cá háit is féidir liom breosla a cheannach do mo charr? Ag an Chomharchumann 2. An bhfuil ATM ann? Níl ach is féidir leat airgead a fháil ar ais ó chuid de na díoltóirí ar an oileán nuair a cheannaíonn tú bia nó earraí. 3. An bhfuil dochtúir ar an oileán? Tá ag an Ionad Sláinte (0749520535) agus is féidir glaoch a chur ar na seirbhísí éigeandála trí úsáid a bhaint as 999 lasmuigh d’uaireanta oibre. 4. An bhfuil sé sábháilte snámh ar na tránna? Tá sé sábháilte dul ag snámh ar roinnt de na tránna ag brath ar an aimsir agus ar na taoidí - cur ceist ar duine áitiúil nuair is féidir sula dtéann tú ag snámh. 5. An bhfuil áit ar féidir liom campáil? Níl aon láthair champála oifigiúil ann ach d’fhéadfadh roinnt úinéirí talún ligean duit dul ag campáil lena gcead. Tá lathair champála do veain in aice leis an Chultúrlann/baile saoire – is féidir spásanna a chur in áirithe tríd an Chomharchumann. 6. An labhraíonn daoine Gaeilge ar Árainn Mhór? Is ceantar Gaeltachta í Árainn Mhór agus labhrann an chuid is mó daoine Gaeilge nuair a labhraíonn tú leo i nGaeilge. Labhair í! Labhraíonn go leor teaghlach agus daoine ar an oileán an Ghaeilge mar phríomhtheanga.