
Labhair í agus mairfidh sí
Is í príomhaidhm Choláiste Árainn Mhóir ná grá a chothú don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach. Fanann na scoláirí i dtithe Gaeltachta ar feadh trí seachtaine ag freastal ar ranganna agus imeachtaí gach lá atá leagtha amach chun muinín agus líofacht na scoláirí sa teanga labhartha a mhéadú.
Tá bród agus riméad ar mhuintir an oileáin teanga a sinsir a labhairt is a choimeád beo.




